Enrol 2026
Skip links

PRIMARY SCHOOL SURVEY

Scoil na gCeithre Máistrí

Dear Principal,      (PRIMARY SCHOOL SURVEY PIN: W11847)

I refer to the department’s previous letter to you regarding our online Primary School Survey.

What am I being asked to do?

Below is your school survey PIN. Please keep this e-mail with your school PIN.

The Primary School Survey is now live. Please provide the below PIN to all staff and board of management members. This PIN is required for staff and board members to access the survey to register their preference.

PRIMARY SCHOOL SURVEY PIN: W11847

This PIN is unique to your school and should be used by all school staff and board of management members to access the surveyPlease do not share this PIN, other than with staff working in your school and with the members of the board of management of your school.

How to do the survey

Click the link below to take part:

 

www.gov.ie/primaryschoolsurvey

It only takes 5 minutes!

If you have any queries, please contact us as soon as possible on

schoolsurvey@education.gov.ie

What is the survey about?

The Department of Education and Youth is asking parents and guardians as well as school staff and board of management members to Have Your Say and participate in this short and confidential online survey on your primary school.

This is an important survey and is the first time that a survey of this scale is being run by the Department of Education and Youth. Parents will need their Eircode to access the survey and school staff and board of management members will need to have their school survey PIN to access the survey.

The survey asks a small number of questions, including the following:

“Would you prefer your primary school to be a co-educational school or a single-sex school?

Would you prefer your primary school to operate under a denominational (religious) patron or to operate under a multi-denominational (non-religious) patron?

Would you prefer your primary school to provide education primarily through the English language or through the Irish language?”

 

Where can I have my questions about the survey answered?

A comprehensive range of information has been made available at

www.gov.ie/primaryschoolsurvey. This information will address any questions you may have about the survey.

 

Many thanks,

Primary School Survey Team

Department of Education and Youth

A Phríomhoide, a chara,

Táim ag scríobh chugat maidir leis an litir a sheol an roinn chugat roimhe seo maidir lenár Suirbhé ar Bhunscoileanna ar líne.

Cad atáthar ag iarraidh orm a dhéanamh?

Seo thíos do UAP (uimhir aitheantais phearsanta) le haghaidh an tsuirbhé ar scoileanna. Coinnigh an ríomhphost seo i dteannta uimhir aitheantais phearsanta do scoile.

Tá an Suirbhé ar Bhunscoileanna beo anois. Tabhair an uimhir aitheantais phearsanta thíos do gach ball foirne agus do gach ball den bhord bainistíochta. Tá an uimhir aitheantais phearsanta sin ag teastáil ó bhaill foirne agus ó bhaill den bhord chun rochtain a fháil ar an suirbhé chun a rogha a chlárú.

UAP LE hAGHAIDH AN tSUIRBHÉ AR BHUNSCOILEANNA: W11847

Tá an uimhir aitheantais phearsanta sin uathúil do do scoil agus ba cheart do gach ball foirne scoile agus do gach ball den bhord bainistíochta í a úsáid chun rochtain a fháil ar an suirbhé. Ná cuir an UAP sin in iúl d’aon duine, seachas baill foirne atá ag obair i do scoil agus na baill de bhord bainistíochta do scoile.

Conas an suirbhé a chomhlánú

Cliceáil ar an nasc thíos chun páirt a ghlacadh ann:

 

www.gov.ie/primaryschoolsurvey

Ní thógann sé ach 5 nóiméad!

Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil linn a luaithe is féidir ar

schoolsurvey@education.gov.ie

Cad atá i gceist leis an suirbhé?

Tá an Roinn Oideachais agus Óige ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí, agus ar bhaill foirne scoile agus ar bhaill den bhord bainistíochta, ‘Abair Do Chuid’ agus páirt a ghlacadh sa suirbhé gearr agus tábhachtach seo maidir le do bhunscoil.

Is suirbhé tábhachtach é seo agus is é seo an chéad uair atá suirbhé dá mhéid seo á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige. Beidh a nÉirchód ag teastáil ó thuismitheoirí chun rochtain a fháil ar an suirbhé. Beidh a n-uimhir aitheantais phearsanta le haghaidh an tsuirbhé ar scoileanna ag teastáil ó bhaill foirne na scoile agus ó bhaill den bhord bainistíochta chun rochtain a fháil ar an suirbhé.

Cuirtear líon beag ceisteanna sa suirbhé, lena n-áirítear na ceisteanna seo a leanas:

“Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?

Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n-oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?

Arbh fhearr leat go soláthródh do bhunscoil oideachas trí Bhéarla go príomha nó trí Ghaeilge go príomha?”

 

Cá háit ar féidir liom freagraí a fháil ar mo cheisteanna faoin suirbhé?

Tá raon cuimsitheach faisnéise ar fáil ag

www.gov.ie/primaryschoolsurvey. Tabharfar freagraí ar aon cheisteanna atá agat faoin suirbhé ansin.

 

Le mórbhuíochas,

An Fhoireann Suirbhé Bunscoile

An Roinn Oideachais agus Óige